l O'Meara Camping First Steps In Composition A 1950 School Book.
Address: Sunshine Industrial Estate Crumlin Road, Dublin 12

Call Us: 01 4534070

E-mail Us: info@omearacamping.com

0
Total: €0.00
view cart

Opening Hours
Monday - Saturday 10.00am - 6.00pm
Closed on Sundays & Bank Holidays

Home
BROWSE CATEGORIES

Direct Link to Publication of "First Steps In Composition"
http://issuu.com/mairtinomeara/docs/first_steps_in_composition_by_pa_dr/1

 

Biography of Pádraig Ó Meára author.

Biography Of Pádraig Ó Meára follows as copied from the planned re printing of the "Spirit Of Tipperary" which he co edited. The little publication of First Steps In Composition was used in many National schools in the 1950s'. I think the little composition book is still very relevant and skimple to follow. Have a look at it on line for free!
Beathafhaisnéis Pádraig Ó Meára (1905-1971) (Biography)
Rugadh Pádraig Ó Meára i nGarrán, Tuaim Uí Mheara ar an 14 Iúil 1905. Feirmeoir ba ea athair Phádraig agus ba í Mairéad Ní Mheára a mháthair. Bhí ceathrar deartháireacha agus ceathrar deirfiúracha aige.
 Jack-“Skinny”, William, “Bill” Catherine (Mrs Gleeson), James, “Jim” Ellen (Mrs O‘Dea), Margaret,”Peg” Mary Treasa, “Sr.Augustine” Treasa, Mrs Tess McDonald, Pádraig, Thomas.
Bhí clú agus cáil ar a mhuintir sa ghluaiseacht náisiúnta agus mar iománaithe. D’imir Pádraig ar fhoireann Thiobraid Árann agus bhuaigh sé Craobh an Chontae le Tuaim Uí Mheara sa bhliain 1930. Dearthaireacha leis ba ea Jack agus Tomás Ó Meára a bhain cáil amach mar chúl báire ar fhoireann Thiobraid Árann. Chuaigh Pádraig ar Scoil in Aonach Urmhumhan áit ar chríochnaigh sé a oideachais, tar éis am a chaitheamh i gColáiste Fhlannáin Naofa agus i gColáiste Cistéirseach Ros Cré.
 Oileadh Pádraig i gColáiste Phádraig Droim Conrach áit ar bhain sé cáilíocht O.S. amach. (1926-1928) Amach ansin bhain sé céim M.A. amach in Ollscoil na Gaillimhe. Phós sé Caitlín Ní Bhriain agus bhí seisear clainne acu. Máire, Philomena, Pádraig, Treasa, Máirtín agus Ciarán.
D’fhoilsigh Pádraig le Tomas Mac Domhnaill (céile Tess) The Spirit of Tipperary tuairim is an bhliain 1938. Tá dán amháin sa leabhar “The Penal Mass At Urra” nach raibh luaite le file ar bith, ach is é Pádraig féin a chum é.
Thosaigh sé ag múineadh i Scoil na mBráthar in Aonach Urmhumhan agus chríochnaigh sé i Scoil na Leanbh áit ar ceapadh ina phríomhoide é.
D’oibrigh sé mar eagarthóir ar an Nenagh Guardian ar feadh tamaill. (1941-1945) agus bhí colún aige ann faoin ainm cleite “Fear Faire”.
Tamall ina dhiaidh seo bhunaigh sé Foilseacháin na Scol agus d‘fhoilsigh sé a lán leabhar ceapadóireachta i nGaeilge agus i mBéarla. Níos déanaí bhunaigh sé Cló Uí Mheara.

Seo roinnt de na Leabhar a scríobh sé fein nó a chuir sé i gcló! (Books he edited, published or wrote himself).
An Dánleabhar Seán Mac Fheorais.
Fiche Aiste Samplach. Pádraig Ó Meára do cheap.
75 Aistí Gearra P ÓMeára agus P Ó Róchain a cheap.
36 Aistí Beaga le Pádraig Ó Meára,
Tús na Ceapadóireachta le Pádraig Ó Meára
Rogha Aistí le Liam Mac Mathúna (1958)
40 Specimen Essays. Pádraig Ó Meára
Essays for the Young Student JM. O Sullivan.
First Steps in Composition. Pádraig Ó Meára
Composition Made Easy Pádraig Ó Meára
Intermediate Essays Éamonn Ó Riain
Tír Eolas do sna Sóisir le Liam Mac Mathúna (1955)
An Aiste le Pádraig Mac Cárthaigh (1960).
Trodairí na Treas Briogáide le Colm O Labhra (1955).
Leabhar Dhainéil leis an Athair Pádraig Ó Fiannachta agus Wilfred Ó hUrdail (1963)
Leabhar Na Salm An tAthair Colmcille (1961).
An Stáca ar an gCarraigín le Conchubhair O Ruairc (1962)
Eachtra San Iarthar Bláithín Ní Chnáimhín.
Gaoth na Cuimhne Máirtin O Corrbuí
Dominic Savio Máirtin Ó Corrbuí
Gleann na Síre Máirtín Ó Corrbuí
Bran Máirtín Ó Corrbuí
An Cuardach Máirtín Ó Corrbuí (1964)
Ar Scáth a Chéile Máirtín Ó Corrbuí. 1959
Na Rapairí Mairtín Ó Corrbuí (1963)
Fíon Uí Dhonnchú Seán Ó Mulláin
Muiris Ó Riain, Creacadóir Seán Ó Mulláin (1961).
Cúlu Na Rianach Sean Ó Mulláin
Turas go Tír na nÓg Ceoldráma Pádraig Ó Meára
Riobard Emmet Dráma Pádraig Ó Meára (1937)
Filíocht
Gearrcaigh na hOíche Seán Mac Fheorais. (1954)
Mil Na Mbláth Séamus Ó Céilleachair (1956).
Leabhair Cheoil
Seinn Suas Port Mícheál Ó Duinn.
Seinn Port Eile Mícheál Ó Duinn.
Scéalta (Stories)
An Bleachtaire Óg Pádraig Ó Meára
Na Capaill Bhána agus scéalta eile Pádraig Ó Meára
I mBaol a Dóite (1967) Pádraig Ó Meára
Seán agus a Pheataí (1967) Pádraig Ó Meára
Chuir Conradh na Gaeilge, a raibh Pádraig ina bhall den choiste, tús le “Seachtain Na Gaeilge” do pháistí an bhaile sna caogaidí in Aonach. Cuireadh a lán páistí ón Aonach ar scéim Gaeltachta go Cúil Aodha ar feadh tréimhse míosa.
Seo sampla den obair nuálach a bhí ar siúl ag Conradh na Gaeilge ag an am. Féach an gearrthán nuachtáin seo le ‘’J.I.F.’’ a bhfuil an dáta ‘’15th May 1951’’ leis. “I had the pleasure of being present at the premiere showing of Scrapbook of Nenagh, on Friday night last when the members of the society were treated to the presentation of a documentary film of the town and its environs”. “A film society that grew out of the Gaelic league” and it was the Gaelic League that purchased the projector!’’
Chuir Pádraig feiseanna, ceolchoirmeacha agus féilte drámaíochta ar siúl san Aonach. Chomh maith leis sin chuir sé ranganna ar fáil do lucht foghlama na rincí gaelacha.
Bhain sé leas as scéalta agus grianghrafadóireacht chun ranganna spreagúla Gaeilge a chur ar fáil. D’aistrigh sé “Corsica”, Iníon Iárais”, Cailín na Lasán”, Cochaillín Dearg”, “An Lacha Ghránna”, “An Bosca Spoinc”, “ Ordóigín Bheag”, “An Chircín Bheag Rua”, Seáinín agus an Gas Pónairí”, agus d’úsaid sé iad mar aon le grianghraif chun ábhar suimiúil múinteoireachta a sholáthar.
Is iomaí ainm cleite a bhí air, Fear Faire agus Éamonn an Chnoic na hainmneacha is coitianta a d’úsáid sé.
Bhí baint aige leis an dream a bhunaigh Rosc i Luimneach sa bhliain 1953 agus scríobh sé altanna sa pháipéar faoi ainmneacha cleite go han-mhinic.
Bhí sé ar dhuine de lucht bunaithe Dhaonscoil na Mumhan sa Rinn, Co. Phort Láirge le Pádraig Ó hIceadha, Liam Ó Lideadha agus Micheál Mac Cárthaigh.
Is é a dúirt Micheál Mac Carthaigh in Feasta tar éis a bháis:
Bhí uaisleacht ag baint leis a bhí neamhchoitianta. Bhí sé chomh carthanach Críostaí d’fhear agus a bhí beo. Bhí sé dílis. Ni fhéadfadh sé loiceadh ar fhear ná ar chás maith. Bhí sé séimh ach bhí sé an-daingean misniúil. Ní chasfadh sé a chúl le fear ar bith i láthair ar bith nuair a bheadh an ceart le cosaint, go mór mór ceart na Gaeilge. Bhí foighne an domhain aige. Ní fheicfí rian feirge riamh air. B’fhéidir go raibh fios a chumais féin san argóint aige. Le scéal magúil d’fhéadfadh sé spior spear a dhéanamh de chás a chéile comhraic.
Tá Pádraig curtha in Aonach Urmhumhan.